Wednesday, October 10, 2012

Scéal as Ó Méith, Co. Lú, III


[Foilsíodh seo cheana ar an tUltach]

Is leagan úr é seo de scéal a foilsíodh den chéad uair aran tUltach i 1931 (An tUltach 889). Ba é an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh a bhreac síos. Scríobh sé gur chuala sé é ag an tseanchaí, Bríghid Ní Cassalaigh, arbh as Droim Mullaigh, Ó Méith í.

Rugadh Bríghid Ní Carsalaigh (a litríodh mar Ní Chaslaigh fosta) nó Brigid Casserly  i 1860 agus fuair sí bás i 1937. Tugadh Bríd na gCeoltaí mar leas-ainm uirthi chomh maith (Duibhán).

Thaifeadadh guth Bhríd i 1931 mar chuid de scéim Wilhelm Doegen chun canúintí na Gaeilge a chaomhnú (Feach: Ní UALLACHÁIN, L. 386-387 agus WAGNER, H. & Ó BAOILL, C, L. 297-300).

Tá an scéal athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith mar atá mínithe sa leabhar The Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001,  lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó DÓNAILL) de réIr n` n-uiihreach a thugtar dóibh fríd an scéil. Ní dhéantar athphlé áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh Cheánna ar an tUltach (11 & 12, 2006).

An Bhean Thostach

Nuair a bhí athair mo ghaid mhóir [1] 'na bhuachaill, bhí sé ina shuí, oíche shamhna amháin, amuigh ar an bhalla, agus chuala sé na daonnaí [2] beaga a rá [3]:

‘Siúd é mo ghearránsa [4] ! Seo é mo ghearránsa!’

‘B'fheadaí’ arsa Brian, ‘dá Rachainnse suas, go bhfaighinnse féin an gearrán.’

D’imigh sé amach siar 'na' chnoic, ach chan fhacaidh [5] sé a’n dadaidh ach boltannaí buidheacha [6]. Ag teacht 'na bhaile dó aríst, chonaic sé cailín deas 'na seasamh ar an taobh eile den chlaí.

‘Goidé tá tú ag déanamh anseo?’ arsa seisean nuair a tháinic sé 'fhad léithe [7]. Char labhair sí aon fhocal leis. Thug sé abhaile leis í agus rinn a mháthair suipéir réidh dí, ach cha rabh a'n fhocal cainte aca [8] agus bhí sí ag obair ansin. Thiocfadh léithe gach uile seort [9] oibre a dhéanamh – sníomh agus casadh agus fíodóireacht [10] agus dathú agus gach uile rud.

D’fhan sí ansin nó go dtáinic oíche  shamhna eile. Chuaigh an buachaill amach aríst agus luigh sé síos san áitidh 'na [11] bhfuair sé an cailín bliain ón tráth sin.

‘Bliain ón oíche seo thug Brian Mhac Eachmharcaigh an cailín deas abhaile leis’ arsa a'n duine aca.

‘Goidé 'n mhaith atá inti – cha dtigidh léithe a'n fhocal a labhairt,’ arsa 'n duine eile.

‘Dá mbeadh 'fhios aige, tá leigheas faoin doras aige.’

‘Goidé 'n leigheas?’ arsa 'n duine eile.
‘Dá gcuirfeadh se feag ar bhun a teanga, bheadh caint go leor aici.’

Chuaigh an buachaill 'na bhaile, agus shaoil sé nach mbeadh sé 'na lá go deo [12] aríst. D’fhan sé 'na shuí i rith na hoíche nó go dtáinic an mhaidin. Chuaigh sé amach agus tharrain' [13] sé an feag, agus chuir sé ar a teangaidh [14] é; agus bhí a sáith cainte aici 'na dhéidh [15] sin. Pósadh an bheirt, agus sin é mo scéal.

[1] gaid mór = seanathair.
[2] daonnaí = daoine.
[3] ‘ráidhtigh’ a bhí ann sa bunleagan ach ba é ‘rá’ an foirm a bhí sa LASID (Wagner, 1969, p. 65 [206]).
[4] Úsáideadh an fhocal ‘gearrán’ in áit ‘capall’ in Ó Méith (Din.).  
[5] chan fhacaidh = ní fhaca.
[6] ‘boltannaí buidheacha’, is léir gur buachaláin buí (ragwort) atá i gceist anseo cé gur aisteach an foirm é.
[7] léithe = léi.
[8] Bhí idir ‘acu’ agus ‘aca’ le cloisteáil in Ó Méith.
[9] ‘sórt’ a bhí ann sa buntéacs ach ‘seort’ (sort) a dúradh i gcónaí in Ó Méith.
[10] ‘fíodóireacht’ atá scríofa anseo ach bhí fuaimniú an fhocail seo níos cosúla le ‘fíodaireacht’ in Ó Méith.
[11] 'na = ina.
[12] ‘go deóigh’ a bhí ann sa buntéacs féin ach níor shileadh go raibh go raibh gá leis an litriú.  
[13] tharrain’ = tharraing.
[14] teangaidh = teanga.
[15] 'na dhéidh = ina dhiaidh.

Leabharliosta

DINEEN, Rev P. S., Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed. 1927, repr. 1970)

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)

Ó DUIBHÍN, C., CAINNTEOIRÍ DÚTHCHAIS AGUS FOINSÍ BÉALOIDIS GAEDHILGE AS OIRTHEAR ULADH, (2006),

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969)


No comments:

Post a Comment

Main areas from which the collection draws material


View Gaeltacht Oirialla in a larger map