Wednesday, October 10, 2012

Scéal as Ó Méith IV


[Foilsíodh seo cheana ar an tUltach]

Is leagan atheagraithe é seo de scéal sí a foilsíodh den chéad uair ar an tUltach i 1931 (An tUltach 8:9). Breacadh síos é ag an Athair Lorcán Ó Muireadhaigh. Scríobh sé gur chuala sé é ag an tseanchaí, Bríghid Ní Cassalaigh, arbh as Droim Mullaigh, Ó Méith í (Feach : An tUltach  (3, 2007).

Tá an scéal athscríofa sa litriú nua de réir mar is féidir ach scríofa i litriú na canúna nó sa litriú clasaiceach nuair is riachtanach de réir fhuaimeanna Ghaeilge Ó Méith mar atá mínithe sa leabhar The Spiritual Rose le Malachy McKenna (McKENNA, 2001,  lch. xxviii – xlviii). Tá nótaí gairide scríofa ar fhoclóir an téacs agus ar na focail nach bhfuil le fáil ar FGB (Ó DÓNAILL) de réir na n-uimhreach a thugtar dóibh fríd an scéil. Ní dhéanfar athphlé áfach ar na focail nó ar na gnéithe eile a phléadh cheánna ar an tUltach (11 & 12, 2006 & 3, 2007).

                            Aodhaidh [1] Mhac Eachmharcaigh [2] agus an Torramh

Ba ghnáth le mo ghaid mhór, sin Aodhaidh Mhac Eachmharcaigh as an Tulaigh [3], a bheith ag cáidearacht [4] thart fríd Chontae an Dúin. Lá amháin, d’imigh sé ar shiúil go Droichead na Banna le lóda [5] bradáin, ’na [6] ndíol sa mhargadh. Dhíol sé amach an lóda uilig; agus theacht cromadh dubh na hoíche [7] fuair sé suipéar, agus fuaidh [<chuaigh] sé amach ar an bhóthar ag déanamh ar an bhaile aríst.

Oíche shamhna a bhí ann, oíche dheas gealaigh [8], leithbhric [9] na hoíche seo, agus leathbhealach eadar Droichead na Banna agus Iúr Cinn Trá, tuairim is dhá bhuille dhéag san oíche, tháinic sé chuige torramh.    

‘Is fhearr domh an gearrán a tharraingt isteach ar thaobh an bhóthair, agus an torramh a leigint [10] thart,’ arsa seisean leis fhéin. Rinne sé sin. Tháinic an torramh ’fhad leis, agus bhí córthaidh [11] mór ar ghuailnibh [12] na bhfear. Leig [13] siad síos an córthaidh i lár an bhealaigh, i bhfogas don áitidh a rabh Aodhaidh ’na suí astoigh sa chart.

               ‘Gá [14]hé thógfas an ofráil?’ arsa fear acu.
               ‘Gá hé thógfadh í ach Aodhaidh?’ arsa fear eile.

Ba ghnáth na hataí móra arda a chaitheamh [15] san am. Bhí hata mór ar Aodhaidh, agus chuaigh fear acu siar agus bhain sé an hata dá chionn. Chuir sé ar bharr an chórthaidh é, agus thóg sé ofráil nó go rabh an hata líonta de ór agus de leath-chonóirí de gach uile shórt airgid.

               ‘Gá hé gheobhas an ofráil?’ arsa fear acu.
               ‘Gá hé gheobhadh í ach Aodhaidh?’ arsa ’n fear eile.

D’fhág siad an hata astoigh san chart, thóg siad an córthaidh ar a nguailne [16] aríst agus ar shiúil leo.

‘Beidh mé saibhir anois le linn mo shaoil,’ arsa Aodhaidh. ‘Cha bhíonn feidhm aige mo bhean a lámha a fhliuchadh as seo amach.’

Nuair a tháinic an lá, d’amharc sé isteach sa hata, ach cha rabh a’ dadadh [17] ann ach aoileach gearráin. An duine bocht, char smaoitigh [18] ar seile a chur isteach san hata sarar [19] amharc sé ann. Bean a rabh ciall aici a d’ársaigh sin dó i ndéidh theacht ’na bhaile dó. Dá ndéanfadh sé sin bheadh an t-airgead aige. Ach ab é go dtearn sé dearmad dó sin, b’fhéadfaí [20] go mbeadh caisleán ard agam fhéin chois trá inniu in ionad ’bheith ag sclábhaíocht i bhfus [21] anseo ar bharr Dhromlaigh [22].
[1] Is leagan den ainm pearsanta Aodh é Aodhaidh [cf. Ó DUIBHÍN].
[2] Is é McCafferky an leagan ghalldaithe den sloinne seo, each ‘horse’ + marcach ‘rider’ is bunús leis. Bhíodh ‘mac’ i gcónaí séimhithe mar ‘mhac’ i sloinntí Oirialla.
[3]  Is baile fearainn é An Tulach, Is é Tulach Ó Méith an t-ainm oifigiúil air, nó Tullaghomeath i mBéarla, (An tOrdú Logainmneacha (Contae Lú) 2003).
[4] ‘páibhidheacht’ nó ‘mangaireacht’ (MM), ‘cadging’ i. a bheith ag taisteál thart ag díol earraí.
[5] ‘load
[6]  i. lena ndíol ...
[7] cromadh dubh na hoíche = ‘nightfall
[8] oíche dheas gealaigh = ‘a nice moonlit night
[9] leithbhric : leathbhreac, leithbhric na hoíche seo = ‘just like tonight’ [cf. leath-bhreac an lae indiu bhí ann ‘it was a day just like today’ ( Ó Méith – DIN.)
[10] leigint : ligin
[11] córthaidh = ‘coffin’ [cf. LASID vol., p. 65, pt. 711]
[12] Seo sampla den tuiseal tabharthach ach bheinn in amhras dá mbíodh sé in úsáid i nGaeilge Ó Méith sa tréimhse sin.
[13] leig : lig
[14] gá : cá, ‘gá’ an foirm a úsáideadh in ait ‘cé’ i nGaeilge Ó Méith chomh maith.
[15] Is fiú a lua gur fuaimníodh caitheamh mar ‘cathamh’ i nGaeilge Ó Méith, mar a dhéantar i nGaeilge Chonamara inniu.
[16] guailne : guaillí
[17] dadamh : tada
[18] Is aisteach liom an foirm seo, ‘smaoinigh’ a dúradh se gnáth in Ó Méith [cf. LASID vol. IV, p. 296].
[19] sarar : sular                                                                                             
[20] ‘b’fhéadfaí’ a dúradh in ait ‘b’fhéidir’ in Ó Méith.
[21] ‘i bhfus’ (< i bhfoghas < i bhfogas), ba choitianta an fuaimniú úd in Ó Méith.
[22] Is giorrúchán é Dromlach de Droim Mullaigh, baile fearainn in Ó Méith.
DINEEN, Rev P. S., Foclóir Gaedhilge agus Béarla (Irish Texts Society, Dublin, Cork 1904, new ed. 1927, repr. 1970)

McKENNA, M., The Spiritual Rose, (Dublin Institute for advanced studies, Dublin 2001)

Ó DÓNAILL, N. (Ed.), Foclóir Gaeilge-Béarla (Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1977)

Ó DUBHDA, P., ‘Gaelic Place-names in Omeath’, Co. Louth Archaeological Journal 3 (1912-15) l. 232-236.
Ó DUIBHÍN, C. ‘Ainmneacha pearsanta in Ultaibh’, http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/ainmneacha_ultacha.htm
(LASID) - WAGNER, H. & Ó BAOILL, C. , Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects IV (Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 1969)


No comments:

Post a Comment

Main areas from which the collection draws material


View Gaeltacht Oirialla in a larger map